Scoil Uí Ghramhnaigh: Nócha Bliain ag Cothú na Gaeilge agus an Phobail
Tá Scoil Uí Ghramhnaigh i Ráth Chairn ag ceiliúradh nócha bliain ar an bhfód, ócáid mhór bhróid i saol na scoile agus na Gaeltachta. Is deis í an ceiliúradh seo ómós a thabhairt don am atá caite, aitheantas a thabhairt do phobal an lae inniu agus féachaint le dóchas ar thodhchaí an oideachais sa cheantar.
D’oscail doirse na scoile sa bhliain 1936, bliain tar éis do na teaghlaigh teacht ó Chonamara chun saol nua a bhunú i Ráth Chairn. Thug siad leo a dteanga, a gcultúr agus a dtraidisiúin, ach thar aon rud eile, thug siad leo misneach agus fís dá gcuid páistí agus do na glúnta a thiocfadh ina ndiaidh. Ó bunaíodh í, tá an scoil ina solas dóchais do thodhchaí an oideachais, fréamhaithe sa Ghaeilge agus i neart an phobail.
Mar bhunscoil Ghaeltachta, tá ról ar leith ag Scoil Uí Ghramhnaigh. Ní ábhar scoile amháin í an Ghaeilge anseo: is teanga bheo í a chloistear sa chomhrá, sa gháire agus sna hamhráin. Is tríthi a fhoghlaimíonn na páistí, a dhéanann siad cairdeas agus a neartaíonn siad a gceangal lena n-oidhreacht agus lena gceantar dúchais. Bhí na heispéiris sin i measc na gcuimhní ba mhó a sheas amach sna físeáin chomhghairdis ó iarscoláirí atá anois ina gcónaí ar fud an domhain.
Tá scéal na scoile fite fuaite le scéal Ráth Chairn. Le nócha bliain, tá an scoil agus an pobal ag fás le chéile. Tá glúnta de theaghlaigh éagsúla tar éis freastal uirthi, agus tá na cuimhní, na cairdis agus na ceangail sin fós beo. Tugann an pobal tacaíocht don scoil, agus cuireann an scoil beatha, fuinneamh agus dóchas sa phobal.
Tugann an comóradh seo deis buíochas a ghabháil leis na múinteoirí, na baill foirne, na tuismitheoirí agus na daoine áitiúla a thug a gcuid ama agus a ndúthracht don scoil thar na blianta. Cuimhnítear freisin orthu siúd atá imithe ar shlí na fírinne, ach a bhfuil a lorg fós le brath sa saol scoile agus sa phobal.
Mar chuid den cheiliúradh, cuireadh dair óg i ngairdín na scoile. Léiríonn sí fréamhacha doimhne na scoile sa Ghaeilge agus sa chultúr, neart an phobail agus an fás atá romhainn. Faoi mar a fhásann dair ó dhearcán beag, tagann gach páiste faoi bhláth nuair a fhaigheann siad cúram, tacaíocht, tuiscint agus grá.
Is iad na páistí croí beo na scoile agus bunús a todhchaí. Is é mian phobal na scoile go mbeidh deis ag gach páiste foghlaim, cairdeas a dhéanamh agus a chuid buanna féin a fhorbairt i dtimpeallacht shona, fháilteach. Seasann an ceiliúradh seo don ghealltanas céanna a spreag muintir Ráth Chairn: an tús is fearr a thabhairt do gach páiste.
Cé nach bhféadfadh an mhuintir a bhunaigh an scoil sa bhliain 1936 na deiseanna atá ag páistí an lae inniu de bharr na teicneolaíochta agus na nuálaíochta a shamhlú, tá rud amháin seasmhach ón gcéad lá a osclaíodh doirse na scoile: an cúram agus an chothú a fhaigheann gach páiste chun fás agus bláthú mar dhuine óg.